Plearaca Na Ruarcach lyrics by Sean O'Se - original song full text. Official Plearaca Na Ruarcach lyrics, 2024 version | LyricsMode.com
Request & respond explanations
  • Don't understand the meaning of the song?
  • Highlight lyrics and request an explanation.
  • Click on highlighted lyrics to explain.
Sean O'Se – Plearaca Na Ruarcach lyrics
Pléaráca na Ruarcach

Pléaráca na Ruarcach I gcuimhne gach uile dhuine
Dá dtiocfaidh, dá dtáinic, 's dá maireann go fóill:
Seacht bhfichid muc, mart agus caora
Dhá gcasgairt don ghasraí gach aon ló.
Céad páil uisge bheatha 's na meadra dhá líona,
Ag éirghe ar maidin is againn bhí an spóirt.
Briseadh do phíopa-sa, sladadh mo phóca-sa,
Goideadh do bhríste-sa, loisgeadh mo chlóca-sa,
Chaill mé mo bhairéad, m'fhallaing is m'fhiléad,
Ó d'imigh na gairéad ar seacht mbeannacht leó!
Cuir spraic ar a' gcláirsigh, seinn suas a' pléaráca,
An bucsa sin, 'Áine, 'gus greadóg le n-ól!

Lucht leanamhna na Ruarcach a' cratha a gcleití,
Tráth chuala siad tormán nó troimpléasg an cheóil;
D'éirigh gach aon aca gan coisreaca 'n-a leabaidh,
Is a bhean leis ar strachailt in gach aon chórn.
Náare láidir an seasamh don talamh bhí fútha,
Gan réaba le sodar agus glug ins gach bróig!
Saol agus sláinte dhuit, 'Mh'leachlainn Uí Fhionnagáin!
Dar mo láimh is maith a dhamhsuíos tú, 'Mhársail Ní Ghriodagáin!
Here's to you, 'mháthair, I pledge you, God save you!
Beir ar a' sgála so, sgag é in do sgóig.
Crath fúinn an tsráideóg, sín tharuinn an bhán-phluid,
Tugthar ar sáith dhúinn de lionn-choirm chóir!
A Árd-Rí na gcarad, cébi 'tchífeadh an ghasraí
Ar líona a gcraicní nó ar lasa san ól!
Cnáimh righe bacaird ar fad in gach sgín aca,
A' gearra 's a' cosgairt go móare, móare, móare;
A slisneacha darach ar lasa a' gabháil fríd a chéile,
A' buala, a' greada, a' losga 's a' dódh.
A bhodaigh, 'sé m'athair-se chuir Mainistir na Búille suas,
Sligeach is Gaillimh is Caraidh Dhroma Rúisgthe fós.
Iarla Chill' Dara agus Biadhtach Mhuí n-ealta,
Siad d'oil agus d'altruim mé, fiosraigh so de Mhóare.
Tóig suas a' t'ádhmad agus buail an t-alárm air,
Preab ionsa táirr agus cic ionsa tóin!

"Cé thóig a' t-alárm so?" ar aon den Eaglais,
Ag éirghe 'n-a sheasamh 's a' bagairt go móare;
Ní h-é spairgeas uisge coisreactha ghlac sé sa gcíora
Ach bata maith darach, bog-lán dóirn!
Trh shíl sé na caithmhílidh a chasgairt 's a chíora,
Do fágadh an sagart 'n-a mheall chasta fán mbórd.
D'éirigh na bráithre a' tárrtháil na bruíne,
Is fágadh an t-Athair Gáirdian ar a thárr 'n-áirde sa ngríosaí.
"Tráth bhínn-se ag an bpápa ar stuidéar na ngrásta,
's a' glaca na ngrádhamh tháll ins a' Róimh,
'sé an Seven Wise Masters bhí agad ar do tháirr,
Is tú a' rósta na bprátaí láimh leis a' tsídh Mhóare!
×



Lyrics taken from /lyrics/s/sean_ose/plearaca_na_ruarcach.html

  • Email
  • Correct

Plearaca Na Ruarcach meanings

Write about your feelings and thoughts about Plearaca Na Ruarcach

Know what this song is about? Does it mean anything special hidden between the lines to you? Share your meaning with community, make it interesting and valuable. Make sure you've read our simple tips.
U
Min 50 words
Not bad
Good
Awesome!

Post meanings

U
Min 50 words
Not bad
Good
Awesome!

official video

Featured lyrics

0-9 A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z